O’Dwyers GAA

Founded 1918

Co. Dublin

October executive update - As Gaeilge💚💚💚

Download our mobile app to hear more about O’Dwyers GAA.

See More

Táimid ag obair go dian ar na nithe a d’ardaíodh ag an CCB 2023.
● Tá obair tosaithe ar athbhreithniú na bpolasaithe i gcomhpháirt le hoibre ar shíomh idirlín an chlub.
● Plean 5 bliana an chlub; eolas á bhailiú faoi láthair agus plean le bheith curtha i gcrích faoi dheireadh na bliana.
● Stad curtha ar earcú don oifigeach imreora mar gheall ar easpa suime. An coiste C&C ag plé leis faoi láthair. Beidh duine le togha ag an CCB ar an 28 Samhain.
Ba mhian linn cloisteáil uait mar is iondúil.
Má tá aon phointí, cheist nó topaicí ar mhaith leat ardú linn, seol rphost chuig secretary.odwyers.dublin@gaa.ie. Déanaimid gach iarracht teacht ar ais chugat comh luath is
gur féidir linn. Nó is féidir leat labhairt le duine den choiste am ar bith chun topic a chur os chomhair an choiste.
Uasdátaithe Ginearalta an chlub.
● Mí den scoth a bhí againn i mí Dheireadh Fómhar ar an bpáirc. Fuair foireann na mná sinsearacha an lámh in uachtar ar Chumann Parnell agus chuaigh siad ar aghaidh ansin go babhta Laighin. D’fhág siad an comórtas sa chluiche leath ceannais tar éis am breise. Bhí ár iománaithe sinsearacha san iomaíocht i gcraobh iomána Átha Cliath. Chaill siad an chath i gcoinne foireann láidir an Chaisleáin. Le linn mhí Dheireadh Fómhair bhí foirne againn san iomaíocht i gcraobhacha agus cluichí leath ceannais ag gach aois grúpa. Is rud iontach é seo agus is léiriú é den dhianobair atá ar siúl leis na foirne faoi aois. Beidh go leor le céiliúradh againn ag na gradaim.
● Tá obair na gcapall ar siúl ó thaobh imeachtaí cultúrtha sa chlub faoi láthair lenár bhfoireann Scór na nÓg ag glacadh páirte i gcraobh an Chontae le déanaí. Táimid thar a bheith brodúil as gach duine a ghlac páirte ann agus mar thoradh ar a gcuid n-iarrachtaí, bronnfar Club na Bliana orainn. Bhí buaiteoirí againn i roinn thráth na gceisteanna,
 
 Bailléad grúpa agus Aithriseoireacht. Rachaidh na hiomatheoirí seo agus na rinceoirí seit ar aghaidh chuig babhta Laighin. Guimís gach rath orthu agus iad ag déanamh ionadaíochta ar son an chlub. Má theastaíonn ó aon duine a bheith páirteach i Scór, bí i dteagmháil linn.
● Tá seisiún ceoil traidisiúnta ar siúl go leannúnach agus táimid ag súil go mór le seisiún mór na Nollag ar an 01 Nollaig @12.30. Tá fáilte roimh ghach duine teacht, fiú mura bhfuil uait ach le héisteacht.
● Bíonn ranganna rince seit ar siúl gach Luan sa chlub ag 8.15in. Is grúpa cairdiúl iad seo a chuirfidh fáilte roimh bhaill nua i gcónaí. Más suim leat píosa aclaíocht a déanamh i suíomh sóisialta, bígí linn.
● Cuireadh dlús le cur chun cinn na Gaeilge i mbliana le bunú fóchoiste na Gaeilge sa chlub. Tá an-chuid oibre déanta ag an ngrúpa seo le húsáid na Gaeilge a spreagadh sa chlub. Mar thoradh ar seo, bronnfar bonn airgid orainn ón CLG agus Glór an nGael i bpáirc an Chrócaigh ag deireadh na míosa seo. Míle buíochas leis na baill ar fad a thacaigh leis na himeachtaí le linn na bliana ó ógs go dtí na mná sinsearacha go na baill fásta.
● Beidh an céad Lego and caint eile ar siúl ar an 01 Nollaig. Is maidin iontach é seo do pháistí óga le bheith ag imirt le Lego, cluichí Boird, ealaín agus a bheith ag léamh. Tá fáilte roimh thuistí fanacht le haghaidh cupán tae agus chat.
● Gaeltacht: Léiríodh an-suim inár gcéad scéim scoláireachta Gaeltachta ariamh. Cuirfear na buaiteoirí ar an eolas sna seachtainí amach romhainn. Ionas go bhfuilimid in ann an scéim a fheabhsú amach anseo, bheadh muid buíoch dá bhféadfadh le haon duine a léirigh suime ann suirbhé gairid a líonadh. Rachaidh sé seo amach ar rphost.
● GAA quiz as Gaeilge: Bhí foireann sinsearach san iomaíocht i mbabhta Laighin de thráth na gceist an CLG i gclubtheach Bhaile Buadáin an tseachtain seo. Ag críochnú sa triú áit, bhí orthu 2 babhta réitigh a dhéanamh, ach fuair Baile Buadáin an bua ar éigean orthu sa deireadh. Toradh iontach!
● Beidh an leagan amach céanna ann i mbliana le haghaidh Gradam na Bliana. ❖ Baill óga: Déardaoin, 28 Nollaig sa thráthnóna.
❖ Daoine fásta: Déardaoin, 28 Nollaig ag 7in (Ticéid ar fáil tríd Clubzap)
Beidh an dá imeacht ar siúl in óstán an Bracken Court. Ócáid céiliúrtha a bheidh ann don chlub. Cuirfear na páipéir ainmniúcháin ar fáil go luath. Beidh ar bhuaiteoirí na bliana seo caite, na trófaithe a thabhairt go Tom Devoy.
● Ciste Aitheantais an Chomhphobail: Bronnadh €70,000 ar an gclub don suíomh nua chun rialú rochtán slándála agus sconsa ar an teorann a chur isteach.

 ● Tá Óg Dwyers ar ais. Chuireamar fáilte ar ais roimh ár n-imreoirí is óige i lár mhí Mheán Fómhair. Tá méidiú mór feicthe againn ar líon na bpáistí atá ag freastal air. D’iarrfaimis oraibh tacú linn bolscaireacht a dhéanamh ar son ár Óg Dwyers.
● Oíche Shamhna. Rinneamar céiliúradh ar Oíche Shamhna le dioscó do leanaí, cóisir gléasadh suas do dhaoine fásta agus imeachtaí saor in aisce le Féile na Samhna. Bhí imeachtaí ar siúl le linn an bhriseadh Mheán téarma idir cheol, rince, scríbhneoireacht chruthaitheach agus ealaín. Bhí seisiún traenála trí Ghaeilge ann chomh maith le cluichí corr. Míle buíochas le gach duine a bhí páirteach sna himeachtaí seo le linn na míosa.
● Earcaíocht d’imreoirí fásta. Tá roinnt feachtais ar bun againn faoi láthair i dtaobh earcaíochta dár bhfoirne sinsearacha le Moriarity Group, Oifig na bPasanna agus na Gardaí roimh thús an séasúir 2025 agus ionú na n-aistrithe. Táimid ag iarraidh cur lenár bhfoirne sinsearacha idir fir agus mná, peil agus iomáint. Má tá aithne agat ar aon imreoir nua nó a bhí linn cheanna, cuir i dteagmháil linn iad. info@odwyersgaa.com nó
secretary.odwyers.dublin@gaa.ie Is é ionú na n-aistrithe ná 01-08 Nollaig. Beidh feachtas á reáchtáil againn le linn mhí na Samhna ag déanamh leathnú air leis na himeachtaí sóisialta a áireamh.
● Forbairt an láithreáin ghréasáin. Tá athnuachán ar bun faoi láthair. Coimeád siúl anseo don nuacht is déanaí faoi. An draoi focal thú? An bhfuil suim agat a bheith páirteach leis an athnuachán. Bí i dteagmháil linn. secretary.odwyers.dublin@gaa.ie Míle buíochas le Ray Mallon don tacaíocht teicniciúil ar fad.
● Neart agus aclú. Cuireadh tús le clár neart agus aclaíochta an chlub le linn mhí Mheán Fómhair le foirne f/13-f/16. Tá an sprioc caite anois d’iarratais ó sholáthraí seirbhíse don séasúr 2025. Tá an dá tógra seo mar chuid de stráitéis an chlub i dtaobh forbairt ár n-imreoirí maidir le forbairt fisiciúil sna cluichí gaelacha.
● Forbairt na páirce Taylor Hill. Tá teagmháil leannúnach ann leis an gcomhairle contae agus tá obair ar siúl ar an liosta fadhbtanna deireadh. Tá an aistriú ó Glenveagh idir lámha agus táimid ag fanacht ar uasdátú ar an amlíne.
● Láthair bolscaireachta don chlub. Más féidir le haon bhaill teacht ar áit sofheicthe chun fógraíocht a chrocadh, bí i dteagmháil linn leis na sonraí. secretary.odwyers.dublin@gaa.ie
● Imeachtaí Sóisialta ag teacht anuas;
○ CCB an chlub 28 Samhain - Ainmniúcháin le bheith leis an rúnaí faoin 14
Samhain.
○ Oíche bhuíochais na meantóirí, Dé Sathairn 30 Samhain.
○ Lego and Caint 01 Nollaig @ 11rn
○ Seisiún Ceoil na Nollag 01 Nollaig @ 12.30in
○ Gradam an chlub 28 Nollaig ag 7in.
   
 Uasdátú ar dhul chun cinn an Fhoirgnimh Nua/ New Development Progress Update
Work for the new main gate by Fingal ( McAvoy ) contractor is well under way and they are making great progress.
The overall plan is on track as per the timelines shared below. The development committee is overseeing the sequencing of the final elements along with pushing for closure of the sewage solution with Fingal.
The following works items are in progress however end dates have a number of dependencies and such completion dates are pending.
● Installation of pitch elements goal & floodlights
● Equipment and maintenance shed
● Bar fit out & cold room facilities - Discussions in progress & indicative dates for 4 week
fit out
● Provision & timelines for Phase 2 ( Pitch 1 Flood Lights & Solar panel ) in planning with
aim to have in place Q1, which is aligned to 2024 Sports Capital grant awards. These elements will not impact overall open date & project closure

Main Building 


 | Work Package  | Start date  | Finish date | Status 
 | Sliding partition  | 07/11/24 | 11/10/24|.    Final review with fire officer, to close change

 | 1st M&E Fix | 09/09/24 | 20/09/24 | Completed
 |
 Lift Installation  | 21/10/24 | 01/11/24 | Pending Grant - completion date move to Dec 

 | Internal Doors & Ironmongery | 18/09/24 | 17/10/24 |   In progres doors on site, fitting in progress

 | Wall & Ceiling Finishes  | 18/10/24 | 28/11/24 | On going 

 | Shower Tiling  | 23/09/24 | 18/10/24 | In progress

 | Floor & Tiling  | 01/11/24 | 21/11/24 | In progress

 | Stair Handrail  | 22/11/24 | 27/11/24 | On going 

 | M&E 2nd Fix Upstairs  | 23/09/24 | 12/12/24 | 

 | Sanitary ware | 22/11/24 | 05/12/24 | 

 | BMS Control panel & testing  | 13/12/24 | 10/01/25 | 

 | Commission M&E Services  | 13/01/25 | 17/01/25 | 

 | M&E Handover  | 21/01/25 | 21/01/25 | 


Sports Hall 


 | Work Package  | Start date  | Finish date  | Status
 | Flooring            || 01/11/24 | 21/11/24 | 

 | M&E 2nd Fix  | 23/09/24 | 04/10/24 | Complete

 | Ext Pavement Finishes  | 29/11/24 | 21/01/25 | 


External 


 | External Foul, storm and pump maintenance  | 11/11/24 | 22/11/24 | In progress 

 | Pavement & Kerbing | 25/11/24 | 13/12/24 | In progress & aligned to main entrance

 | Car park surfacing | 09/01/25 | 25/01/25 | 

 | Car park aggregate | 15/01/25 | 22/01/25 | 

 | White Lining  | 22/01/25 | 23/01/25 | 

 | Railing & gates to boundary | 04/11/24 | 13/01/25 | 

 | Completion & Handover
| 23/01/25

Tuilleadh uasdátaithe/ Further Updates
● Planning for internal and external club signage an expression of interest has been shared with potential suppliers and review of responses are in progress, this will include both pitch side signs, internal club signage and community signage
● Transition group will commence review of Transition plan and re-plan to align with the handover date of 21st Jan and have a follow up with group throughout Oct & Nov to mobilise pre-move activities
Cinntí Míosúla / Monthly Decisions.
● CIE | Dart+ Coastal North Project consultation notification, we have been in discussions with the project planners regarding the scope of the project and potential impact on the new development, at this juncture the impact will be minimal on development or future club activities
● C&G Planning overview, a full review of the C&G activities and progress was completed in Oct with strong alignment in place to drive the strategies in place for upcoming Quarters.
● A full review of our suppliers is in progress to evaluate their services, competitiveness along with their ability to meet the growing needs of our club.
● December Charity month has commenced with a number of activities agreed for the club to support & give back to the community
○ Capuchin Food drive
○ St Francis Hospice Coffee morning
○ Annual New Year's Day Charity swim
● Gaeltacht 2024 scholarships are agreed and will be communicated in the coming weeks to the successful participants
● Plean Teanga Chumainn Uí Dhuibhir (O’Dwyers 3 year plan for Gaeilge) was ratified and agreed.

Thanks to Aisling Gibbons for her efforts in translating the update into Irish.