O’Dwyers GAA

Founded 1918

Co. Dublin

September exec update - as Gaeilge !

Download our mobile app to hear more about O’Dwyers GAA.

See More
 CLG Uí Dhuibhir
Uasdátú míosúil an choiste feidhmiúcháin Meán Fómhair 2024


Táimid ag obair go dian ar na nithe a d’ardaíodh ag an CCB 2023.
● Tá obair tosaithe ar athbhreithniú na bpolasaithe i gcomhpháirt le hoibre ar shíomh idirlín an chlub.
● Plean 5 bliana an chlub; eolas á bhailiú faoi láthair agus plean le bheith curtha i gcrích faoi dheireadh na bliana.
● Stad curtha ar earcú don oifigeach imreora mar gheall ar easpa suime. An coiste C&C ag plé leis faoi
láthair.

Ba mhian linn cloisteáil uait mar is iondúil.
Má tá aon phointí, cheist nó topaicí ar mhaith leat ardú linn, seol rphost chuig secretary.odwyers.dublin@gaa.ie. Déanaimid gach iarracht teacht ar ais chugat comh luath is
gur féidir linn. Nó is féidir leat labhairt le duine den choiste am ar bith chun topic a chur os chomhair an choiste.


Uasdátaithe Ginearalta an chlub.
● Tá éacht eile bainte amach ag Foireann na mná sinsearacha. Ag tógáil ar buanna iontacha, fuair siad an lámh in uachtar ar Parnells Dé Sathairn 28 Meán Fómhair. Beidh siad san iomaíocht anois i bpeil na craoibhe Laighin ar an 19 Deireadh Fómhair. Fáiltímid roimh ghach tacaíocht.

● Keith Beezer Gorman. Tháinig baill an chlub, idir aosta agus óg, le chéile chun clublá a chur ar fáil chun airgid a thiomsiú ar son Keith Gorman. Tháinig na sluaite agus bhí ceol beo, céilí agus cluichí againn ar an lá. Míle buíochas leis an gcoiste a tháinig le chéile chun an lá iontach seo a eagrú do Keith.

● Deontas an Chláir Caipitil Spóirt. Tá €142,447 faighte againn do chuid 2 den tógáil nua, le haghaidh soilse páirce agus grianphainéil. Tosóidh pleanáil na hoibre nuair atá na coinníollacha faighte againn.

● Táimid ag Fás. Tá 1108 baill againn faoi láthair. Seo fás bliain ar bhliain de 13.5% le dhá bhliain anuas.

● Féile na Trá Fhine Ghall. Ghlac an chlub páirte sa féile ar thrá Bhaile Brigín le déanaí. Bhí seastán againn chun scileanna an CLG a chur i mbéal an phobail. Lá iontach a bhí ann.

● Tá Óg Dwyers ar ais. Chuireamar fáilte ar ais roimh ár n-imreoirí is óige i lár mhí Mheán
Fómhair. Tá méidiú mór feicthe againn ar líon na bpáistí atá ag freastal air. D’iarrfaimis
oraibh tacú linn bolscaireacht a dhéanamh ar son ár Óg Dwyers.

● Lego, Cluichí agus Ceol
Tá tús curtha arís le Lego agus cluichí as Gaeilge uair sa mhí. Is deis iontach é seo do pháistí a gcuid Gaeilge a úsáid. Tá fáilte roimh ár mbaill óga ar fad. Tá fáilte roimh thuismitheoirí fanacht comh maith chun cupán tae a ghlacadh agus cúpla focal a úsáid. Fan linn ina dhiaidh don cheol traidisiúnta álainn ag ár seisiúin ceoil ag tosú ag 12.30. Coinnigh siúl ar na meáin le haghaidh tuilleadh eolais.

● Earcaíocht imreoirí fásta. Tá roinnt feachtais ar bun againn faoi láthair i dtaobh earcaíochta dár bhfoirne sinsearacha le Moriarity Group, Oifig na bPasanna agus na Gardaí roimh thús an séasúir 2025 agus ionú na n-aistrithe. Táimid ag iarraidh cur lenár bhfoirne sinsearacha idir fir agus mná, peil agus iomáint. Má tá aithne agat ar aon imreoir nua nó a bhí linn cheanna, cuir i dteagmháil linn iad. info@odwyersgaa.com nó
secretary.odwyers.dublin@gaa.ie

● Peil na Craoibh f/21. Rinnemar iarratais ar dhá fhoireann peile agus dha fhoireann
iománaíochta f/21 i 2024.Tosóidh na craobhacha seo i mí Dheireadh Fómhair. Structúr na craoibh ná cuir amach as an gcomórtas. Go n-éirí leis na himreoirí agus na foirne bainistíochta.

● Forbairt an láithreáin ghréasáin. Tá athnuachán ar bun faoi láthair. Coimeád siúl anseo don nuacht is déanaí faoi. An draoi focal thú? An bhfuil suim agat a bheith páirteach leis an athnuachán. Bí i dteagmháil linn. secretary.odwyers.dublin@gaa.ie Míle buíochas le Ray Mallon don tacaíocht teicniciúil ar fad.

● Neart agus aclú. Cuireadh tús le clár neart agus aclaíochta an chlub le linn mhí Mheán Fómhair le foirne f/13-f/16. Tá an sprioc caite anois d’iarratais ó sholáthraí seirbhíse don séasúr 2025. Tá an dá tógra seo mar chuid de stráitéis an chlub i dtaobh forbairt ár n-imreoirí maidir le forbairt fisiciúil sna cluichí gaelacha.

● Forbairt na páirce Taylor Hill. Tá teagmháil leannúnach ann leis an gcomhairle contae agus tá obair ar siúl ar an liosta fadhbtanna deireadh. Tá an aistriú ó Glenveagh idir lámha. Taylor Hill Pitch development.
   
● Seirbhísí forbartha nua. Tá roinnt iarratais faighte againn le haghaidh soláthar seirbhísí sa chlubtheach nua. Táimid ag déanamh macnaimh air seo maidir le critéir agus cinneadh faoi leith ach cuireadh ar athló é go dtí go bhfuilimid san fhoirgneamh nua.

● Láthair bolscaireachta don chlub. Más féidir le haon bhaill teacht ar áit sofheicthe chun fógraíocht a chrocadh, bí i dteagmháil linn leis na sonraí. secretary.odwyers.dublin@gaa.ie

● Imeachtaí sóisialta ag teacht anuas.
○ Disco na Samhna (25 Deireadh Fomhair) agus gléasadh suas do dhaoine fásta (26
DF)
○ Féile na Samhna (sonraí le teacht)
○ CCB (28 Samhain)
○ Gradam an chlub (28 Nollaig)

Uasdátú ar dhul chun cinn an Fhoirgnimh Nua/ New Development Progress Update:

Following on from the general development update and status. Commencement of works for new main gate by Fingal ( McAvoy ) contractor has commenced and works are making progress
The overall plan is still on track as per the timelines shared below. We hope to be in a position to provide a detailed update on progress vs plan in the next two weeks
Along with details of the addition items within the build
● Installation of pitch elements goal & floodlights
● Equipment and maintenance shed
● Bar fit out & cold room facilities
● Provision & timelines for Phase 2

Main Building 
Key-first date = start date and second date is finish date


 | Work Package  | Start date  | Finish date 
 | Sliding partition  | 07/11/24 | 11/10/24
 | 1st M&E Fix | 09/09/24 | 20/09/24
 | Lift Installation  | 21/10/24 | 01/11/24
 | Internal Doors & Ironmongery | 18/09/24 | 17/10/24
 | Wall & Ceiling Finishes  | 18/10/24 | 28/11/24
 | Shower Tiling  | 23/09/24 | 18/10/24
 | Floor & Tiling  | 01/11/24 | 21/11/24
 | Stair Handrail  | 22/11/24 | 27/11/24
 | M&E 2nd Fix Upstairs  | 23/09/24 | 12/12/24
 | Sanitary ware | 22/11/24 | 05/12/24
 | BMS Control panel & testing  | 13/12/24 | 10/01/25
 | Commission M&E Services  | 13/01/25 | 17/01/25
 | M&E Handover  | 21/01/25 | 21/01/25

Sports Hall 


 | Work Package  | Start date  | Finish date 
 | Flooring  | 01/11/24 | 21/11/24
 | M&E 2nd Fix  | 23/09/24 | 04/10/24
 | Ext Pavement Finishes  | 29/11/24 | 21/01/25

External 


 | External Foul, storm and pump maintenance  |11/11/24 | 22/11/24
 | Pavement & Kerbing | 25/11/24 | 13/12/24
 | Car park surfacing | 09/01/25 | 25/01/25
 | Car park aggregate | 15/01/25 | 22/01/25
 | White Lining  | 22/01/25 | 23/01/25
 | Railing & gates to boundary | 04/11/24 | 13/01/25
 | Completion & Handover |
| 23/01/25




       
 Tuilleadh uasdátaithe/ Further Updates
● Planning for internal and external club signage in progress along with community signage for facilities directions - Review complete and tender to be commenced with preferred suppliers
● Transition group will commence review of Transition plan and re-plan to align with the handover date of 21st Jan and have a follow up with group throughout Oct & Nov to mobilise pre-move activities
Cinntí Míosúla / Monthly Decisions.
● CIE | Dart+ Coastal North Project consultation notification, we have been in discussions with the project planners regarding the scope of the project and potential impact on the new development, at this juncture the impact will be minimal on development or future club activities
● Féile Na Samhna Mid-term activities will commence this year after the success of last year's initiative, watch out for activities to be communicated in early Oct.
● Club player pathway policy submitted for review to Exec by C&G complete and approved and will be updated to the club website
● Fire training completed by members of Social committee and Bar staff - To be rolled out